Esperanto:
Cén fáth go bhfuil sé seo tábhachtach
Comhionannas na dteangacha agus na gcultúr, sin ceann de bhunphrionsabail an Aontais Eorpaigh Ós rud é go bhfuil 24 theanga oifigiúla ann, is deacair an prionsabal sin a urramú. Agus tá an Béarla chun tosaigh faoi láthair i gcomparáid leis na teangacha eile. Mar shampla, is é an Béarla an t-aon teanga oibre i mBanc Ceannais na hEorpa. Bíonn Eorpaigh gan Bhéarla faoi mhíbhuntáiste. Roghnaigh Esperanto, teanga neodrach shofhoghlamtha, mar theanga AE, leis an ngaol idir na pobail Eorpacha a chothromú. Ina theannta sin, chumasódh teanga uile-Eorpach idirphlé Eorpach ina bhféadfadh na náisiúin uile a chéile a thuiscint; sa tslí sin, chruthófaí Eoraip níos daonlathaí. Ina theannta sin, dar le tuarascáil an Ollaimh François Grin, dá spreagfaí foghlaim Esperanto, choigleofaí 25 billiún euro sa bhliain i gcomparáid lena bhfuil ar siúl faoi láthair, toisc gur fusa Esperanto deich n-uaire ná teangacha eile.
Esperanto ina teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh, anois!
Táimidne, saoránaigh na hEorpa, ag éileamh go bhfógrófaí Esperanto ina 25ú teanga den Aontas Eorpach, chun Eoraip níos daonlathaí agus níos cothroime a chruthú, cothrom na Féinne do gach teanga agus do gach cultúr san Eoraip a chinntiú. Roghnaigh Esperanto agus beidh céim bhreise sroichte i dtógáil na hEorpa. Ní hann do phlé ar an leibhéal Eorpach faoi láthair. Ní leor don Eoraip a bheith eacnamaíoch, ní mór di bheith ina hEoraip na ndaoine freisin.
http://www.avaaz.org/en/petition/Esperanto_langue_officielle_de_lUE/